Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc 
In aice mo dhorais go buan 
Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth 
Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan 

Suas suas an aer an fhuiseog go soar 
Ag síor chanadh solais don lá 
Ó mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat 
Níor fhoglaim mé dadaigh ach grá 

D'imigh gach bliain gan bhuaireadh sa pháirc 
M'óige geal gháireach is suairc 
Ar thóir na mbeach rua ag bailiú go luath 
Gach ceann ag eitilt gan bhuairt 

Éist leis an traén ag feadaíl i gcéin 
Deifrigh nó caillfimid í 
O mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat 
Spórt agus sásamh i m' chroí 

Féach ar an pháirc 
Cá bhfuil na crainn is an bláth? 
Agus féach ar an spéir 
Cá bhfuil mo chantóir's mo ghrá? 

Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc 
In aice mo dhorais go buan 
Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth 
Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan